• Lá na gClub Leaderboard

CLG Mhuineacháin - Official Monaghan GAA Website

An Chéad Pop Up Gaeltacht C.L.G.

March 28th, 2018

An Chéad Pop Up Gaeltacht C.L.G.

Cuireadh an Ghaeilge i Lár an Aonaigh i bPáirc Naomh Tighearnach Dé Domhnaigh  18ú Márta ag an gcéad Phreab-Ghaeltacht C.L.G.

Tháinig Gaeil ó chéin is ó chóngar go Páirc Naomh Tighearnach Dé Domhnaigh seo chaite agus cluiche sraithe tábhachtach ar siúl idir Muineachán agus Tír Chonaill. Anuas ar sin, fuair siad seans faoi leith nach bhfuair siad riamh ag cluiche C.L.G. chun a gcuid Gaeilge a labhairt le Gaeilgeoirí eile i gceantar lán-Ghaeilge ar chúl an ardáin. Coiste Cultúir agus Gaeilge de chuid Choiste Chontae Mhuineacháin C.L.G. i dteannta le Muineachán le Gaeilge a d’eagraigh an ‘Pop-up Gaeltacht’ seo – an chéad cheann riamh ag cluiche C.L.G.

Ó thus go deireadh d’éirigh lena n-iarrachtaí go mór agus phlódaigh na sluaite Gaeilgeoirí isteach sa phuball ildaite ar chúl an ardáin. Meastar gur tháinig thart fá dhá chéad Gaeilgeoir isteach le linn an imeachta agus ba léir go raibh daoine ag déanamh a seacht ndícheall chun an Ghaeilge a labhairt. B’íontach an rud é a fheiceáil muintir Ghaoth Dóbhair ag caint agus ag comhrá le muintir Mhuineacháin as Gaeilge agus cupán tae á ól acu. Chomh maith leis sin, b’fhollasach gur bhain chuile dhuine taitneamh agus tairbhe as an imeacht agus táthar ag súil go gcuirfear tús le pleananna go luath le haghaidh Pop-up Gaeltacht eile ag an gCluiche Ceannais Uladh sa samhradh.

Gan aon amhras ní thar oíche a tháinig pleananna an choiste le chéile agus ba mhaith leo buíochas mór ó chroí a thabhairt do roinnt daoine – Micheál Mac Mathúna (Cathaoirleach C.L.G. Mhuineacháin) agus Déaglan Ó Flanagáin (Leas-Chathaoirleach C.L.G. Mhuineacháin) a chur an puball ar fáil dúinn ar an lá; Feargal Mac Thréinfhir (Muineachán le Gaeilge) a thug lámh chúnta ar an lá sa phuball; Fóras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge a sholáthair na freebies a tugadh amach; Scoláirí Choláiste Óiriall a chabhraigh ar an lá; agus an meall is mó ar deireadh, agus na baill choiste eile ar Choiste Cultúir agus Gaeilge C.L.G. Mhuineacháin a d’eagraigh an t-imeacht. Ó thaobh Bliain na Gaeilge 2018 de, beidh a lán oibre fós le déanamh ag an gcoiste ach mar a deir an seanfhocal: Tús maith leath na hoibre.

Our Sponsors